Ráiteas faoi Chúrsaí Inrochtaineachta

Inrochtaineacht

Tuigeann an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe a thábhachtaí agus atá sé cinntiú go mbíonn an suíomh idirlín áisiúil ag gach duine.  Féachtar le leibhéil áisiúlachta a bhaint amach atá ag teacht le Leibhéal AA sna Treoirlínte de chuid Thionscnamh Inrochtaineacht an Ghréasáin (WAI) faoi Inrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán.  Tá iarracht déanta bacanna a bheadh roimh dhuine faoi mhíchumas ar an láithreán gréasáin seo a ghlanadh as an mbealach ionas go mbíonn teacht ar an eolas agus úsáid as an láithreán gréasáin chomh héasca agus is féidir agus le barr feidhme mar a bheadh súil againn ar fad leis:

Leagan amach ar an leathanach

Tá ceannteideal soiléir ar gach leathanach.  Tugtar aon cheannteideal eile ina dhiaidh sin isteach de réir ord struchtúir.  Déantar marcáil go soiléir orthu chomh maith - úsáidtear clibín 'h1' le gach príomhcheannteideal, úsáidtear clibín 'h2' le fo-cheannteidil agus mar sin de.

Naisc

Déantar iarracht cinntiú go bhfuil ciall le gach nasc ann féin, glan ar aon chomhthéacs, agus go dtugtar cur síos cruinn leo ar na leathanaigh a bhfuil siad ceangailte leo.

Íomhánna

Cinntítear go bhfuil téacs le gach íomhá (clibíní alt) trína gcuirtear síos ar an íomhá, murar íomhá é atá in úsáid le haghaidh maisiúcháin nó lorgaireachta amháin.

Mapáil

Mar gheall ar chineál na mapála ar an láithreán, tá gnéithe di nach dtagann le leibhéal AA; ina ainneoin sin, tá leagan den mhapa curtha ar fáil is féidir a fhoilsiú gan Javascript chomh maith le cur síos le téacs ar mharcanna an mhapa ionas go mbaineann oiread áisiúlachta agus is féidir leis an ábhar.

An Brabhsálaí a Úsáid

Más mian leat an cló a mhéadú nó a laghdú, déantar de réir na treorach seo a leanas maidir le Internet Explorer:
•   Cliceáiltear ar an roghchlár 'View' sa bhrabhsálaí
•   Cliceáiltear ar an rogha 'Text size'
•   Roghnaítear an mhéid ba mhaith leat a fheiceáil

I gcás Firefox déantar mar seo a leanas::
•   Cliceáiltear ar an roghchlár 'View' sa bhrabhsálaí
•   Cliceáiltear ar 'Zoom’
•   Roghnaítear 'Zoom in' nó 'Zoom out'
•   Tá rogha eile ann trínar féidir súmáil a oibriú ar an téacs amháin 'Zoom text only'


I gcás Safari déantar mar seo a leanas:

1. Cliceáiltear ar 'View'.
2. Roghnaítear 'Make text bigger' nó 'make text smaller'.
3. Roghnaítear an rogha cuí súmála, mar shampla 'Zoom in' ar mhaithe le cló níos mó.
4. Tá rogha eile ann trínar féidir súmáil a oibriú ar an téacs amháin 'Zoom text only'.

Léarscáil Láithreáin a úsáid

Cuirtear mapa suímh, atá bunaithe ar théacs amháin, ar fáil mar áis don lucht úsáide léargas ginearálta a fháil ar an suíomh d'aon iarraidh amháin.

Sa chás go mbíonn trioblóid ag duine ag úsáid an tsuímh...

Cé go bhféachtar le www.hfa.ie a thabhairt leis na treoirlínte agus na caighdeáin a nglactar leo i ndáil le cúrsaí áisiúlachta agus deis úsáide, ní féidir sin a dhéanamh i gcónaí maidir le gach gné den láithreán gréasáin.

Bítear seasta ag féachaint le feabhas a chur ar an láithreán, gan na treoirlínte mar theorainn ar bith leis an iarracht, agus ba cheart dá réir sin go n-éireodh linn gach cuid den láithreán a thabhairt ar an leibhéal amháin ó thaobh cúrsaí áisiúlachta. Idir an dá linn, sa chás go mbeadh aon deacracht agat an láithreán gréasáin a cheadú, nó sa chás gur mhian leat tuairim a chur in iúl dúinn faoi chúrsaí áisiúlachta agus úsáide maidir leis an láithreán, ná bíodh aon leisce ort sin a dhéanamh.

 

log-in