An tAcht um Shaoráil Faisnéise agus an GAT
Réamhrá
• Cuirtear roinnt cearta dlí tábhachtacha nua i mbun leis an Acht um Shaoráil Faisnéise dóibh siúd ar mian leo rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil. Tá de cheart ag gach duine:
- rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh na Gníomhaireachta agus a cruthaíodh tráth is deireanaí ná an 21 Aibreán 1998;
- a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta ar thaifid oifigiúla a choigeartú nó a thabhairt i leith na haimsire sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach; agus
- go dtabharfaí cúiseanna dó le cinneadh ar bith de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann leo.
Tugann SF cearta dlí nua do gach duine rochtain ar fhaisnéis oifigiúil a lorg. Ní mór iarratais ar fhaisnéis faoin Acht um Saoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn chuig an nGníomhaireacht.
Is iondúil go gcuirtear fógra chuig an iarratasóir faoin gcinneadh mar gheall ar an iarratas taobh istigh de 4 seachtainí ón am a dtagann sé. Faoi mar a éilítear faoin Acht, tá Leabhar Tagartha SF faoi Alt 15 (á leasú faoi láthair) curtha ar fáil ag an nGníomhaireacht mar threoir maidir le feidhmeanna agus taifid na Gníomhaireachta. Tugtar sonraí breise freisin ann maidir le hiarratas a dhéanamh faoin Acht agus an bealach inar féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhiúltaíonn rochtain ar fhaisnéis.
Ba chóir a thabhairt ar aird, áfach, … ar fáil cheana ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta.