Iasachtú Díreach

Is féidir leis an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta cpt glacadh le hiarratais ó Chomhlachtaí Formheasta Tithíochta ar comhlachtaí iad a chomhlíonann na critéir íosta seo a leanas chun cur isteach ar stádas mar Chomhlacht Deimhnithe, roimh chur isteach go díreach ar mhaoiniú.

Seo a leanas na critéir íosta is gá le bheith incháilithe iarratas a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta:


  • Fianaise a bheith ann de thionscadail i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad faoin Scéim Iasachta Caipitil & Fóirdheontais
  • Bheith ina eintiteas inghlactha dlí (cuideachta, comharthithíocht, comharchumann)
  • Ráitis iniúchta bhliantúla airgeadais le haghaidh trí bliana a bheith ann
  • Deimhniú Imréitigh Cánach Reatha a bheith ann

De bhreis air sin, éileofar ar an gcomhlacht, faoi réir bheith ceaptha ina Chomhlacht Deimhnithe, cuntas bainc atá sainordaithe i gceart a oscailt agus Máistirchomhaontú Iasachta (MCI) a shíniú leis an nGníomhaireacht.


Cuireann an Ghníomhaireacht fáilte roimh iarratais ó chomhlachtaí incháilithe, agus ba chóir fiosruithe a chur ar an gcás ásc chuig:


Maria O'Reilly,

Príomhoifigeacht Iasachtaithe – AHBanna,

An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta cpt.,

46 Faiche Siabhna,

Baile Átha Cliath 2.


Fón: 01 8725 722

R-phost: ei.afh@gnidneltcerid


log-in